Gaeilge (Gaoluinn) |
Béarla |
Éist |
Do chuas féin agus Séamas don Daingean inné agus casadh Liam Ó Murchadha orainn. |
James and I went to Dingle yesterday and we met William Murphy. |
|
Mac driféar do Mháire Ní Dhomhnaill is ea é. |
He is a nephew of Mary O’Donnell. |
|
“Conas taoi?” ar seisean. “Is fada ná faca thú.” |
“How are you?” said he. “It is a long time since I saw you.” |
|
“Cad ’na thaobh,” arsa mise leis, “ná tagann tú ar cuairt chúinn?” |
“Why,” said I to him, “don’t you come to visit us?” |
|
“Is annamh a théim go dtí an baile mór, mar is fada liom an turas nuair ná bíonn gnó agam ann.” |
“I rarely go to town because I find the journey long when I have
no business there.” |
|
Do thosnaigh sé ag cur ceisteanna orm fé mar ná beadh aithne aige orm i n-aon chor. |
He began to ask me questions as though he did not know me at all. |
|
Ar airís a leithéid riamh? Is ait an duine é. |
Did you ever hear the like?
He is a queer fellow. |
|
Dúirt sé liom go bhfuil tithe nua dá ndéanamh ar Bhóthar na Trágha agus gur dóigh leis go bhfaighidh sé ceann acu. |
He told me that new houses are being built on Strand Road and that he thinks that he will get one of them. |
|
D’imíos uaidh sara gcuirfeadh sé fearg orm. |
I went away from him lest he should
make me angry. |
|
Níor dheineas ach fíor-bheagán cainte leis. |
I only talked very little with him. |
|
Thánag abhaile ar an mbus, agus do bhíos anso ar a sé a chlog. |
I came home on the bus and I was here
at six o’clock. |
|
Ba dhóbair go dtitfinn agus mé ag teacht anuas den bhus, ach tharla go raibh mo dheartháir ag feitheamh liom agus d’éirigh leis breith orm. |
I almost fell getting down from the bus, but it happened that my brother was waiting for me and he was able
to catch me. |
|
Bhíos féin agus Séamas Ó Murchadha i gCill Airne Déardaoin, agus casadh iníon dearthár
do Shéamas orainn. |
James Murphy and I were in Killarney on Thursday, and we met
a niece of James’s. |
|
Níor aithníos ar dtúis í, agus níor aithin sise mise ach chomh beag, ach nuair a labhair sí le Séamas bhí a fhios agam cérbh i féin. |
I did not recognise her at first, and she did not recognise me either, but when she spoke to James,
I knew who she was. |
|
Is i gCorcaigh a chónaíonn sí anois, agus ní thagann sí go Cill Airne ach amháin chun laetheanta saoire a chaitheamh ann. |
She lives in Cork now, and she comes to Killarney only to spend
holidays there. |
|
“Ní fhéadaim teacht níos minicí,” adúirt sí, “mar is fada liom an turas agus is mór liom an costas.” |
“I cannot come oftener,” she said, “for I find the journey too long and
the cost too great.” |
|
Do chaitheamair an lá i dteannta a chéile, agus um thráthnóna chuamair go dtí an stáisiún
i n-éineacht léi. |
We spent the day together, and in the evening we went to the station
with her. |
|
“Go mbeire Dia slán abhaile thú,” arsa Séamas. |
“May God bring you safe home!”
said James. |
|
“Ná dearmhad teacht ar cuairt chúinn sara fada.” |
“Don’t forget to visit us before long.” |
|
“Mheasas gur labhair sí fé mar ná taitnfeadh an chathair léi,” arsa mise nuair a bhí sí imithe. |
“I thought she spoke as though she did not like the city,” said I,
when she had gone. |
|
“B’fhéidir gur uaigneas atá uirthi,” arsa Séamas. |
“Perhaps she is lonely,” said James. |
|
“Tá áthas orm gur ar an dtuaith atáim im chónaí.” |
“I am glad that I live in the country.” |
|
Ba dhóbair dúinn bheith déanach don bhus, ach tharla go raibh slua mór daoine ag feitheamh leis, agus chuir san moill air. |
We were almost late for the bus, but it happened that there was a big crowd waiting for it, and that delayed it. |
|