Gaeilge (Gaoluinn) |
Béarla |
Éist |
Sin é an fear a chonaiceamair ar an aonach. |
That is the man we saw at the fair. |
|
Is í Bríd a bhris an fhuinneog. |
It was Bridget who broke the window. |
|
An té is túisce a réiteoidh an cheist, is é a gheobhaidh an duais. |
He who solves the question first will
get the prize. |
|
Is mó duine go mbíonn airgead aige agus ná deineann sé aon tairbhe dhó. |
Many a man has money and it does
him no good. |
|
Cad é an ceantar gurb as tú? |
What district are you from? |
|
Ó Chorca Dhuibhne. |
From Corkaguiney |
|
An bhfacaís an bhean go rabhas
ag trácht uirthi? |
Did you see the woman that
I was talking about? |
|
Is iad na daoine is mó a bhíonn ag caint is lú a dheineann obair. |
The people who talk most are those who do the least work. |
|
Téir san áit is fearr go bhféadfair do bheatha a shaothrú ann. |
Go where you will be best able
to earn your living. |
|
Caithfidh mé labhairt leis an bhfear go bhfuil a mhac san ospidéal. |
I must speak to the man whose son
is in hospital. |
|
“Rud gan leigheas is foighne is fearr air.” |
“What can’t be cured must be endured.” |
|
An t-airgead a shíleas a bhí caillte agam tá sé
anso im phóca. |
The money I thought I had lost is here
in my pocket. |
|
Na daoine is túisce a tháinig is iad
is deireanaí a dh’imigh. |
The people who came earliest were the last to go away. |
|
Cé acu capall a cheannaís ar an aonach? |
Which horse did you buy at the fair? |
|
Buachaill gurbh ainm dó Seán Ó Donnabháin dob é an scoláire ab fhearr sa rang é. |
A boy named John O’Donovan was the best scholar in the class. |
|
Cá bhfuil an chasóg a thugas ar iasacht
do Mhícheál? |
Where is the coat I lent to Michael? |
|
Na bróga a dúraís a bhí glanta agat, táid siad salach fós. |
The shoes you said you had cleaned are still dirty. |
|
Is mó duine gurbh fhearr leis lionn ná fuiscí, agus tá daoine ná hólfadh i n-aon chor iad. |
Many people would prefer porter to whiskey, and some would not drink
them at all. |
|
Tiocfaidh sé nuair is lú a bheidh coinne againn leis. |
He will come when we least expect him. |
|
Sin é an fear gur cheannaíomair an tigh uaidh. |
That is the man from whom we bought the house. |
|
Cad is ainm dó? |
What is his name? |
|
Is dóigh liom gur Séamas Ó Súilleabháin
is ainm dó. |
I think his name is James O’Sullivan. |
|
Sin é an fear go bhfuil a mhac
ina dhochtúir i gCorcaigh. |
That is the man whose son is
a doctor in Cork. |
|
Cad é an ceantar gurb as dó? |
What part of the country is he from? |
|
Ó Thiobrad Árann. |
From Tipperary. |
|
Is é Diarmaid is fearr a dhein an obair, ach is é is lú a fuair creidiúint. |
Diarmaid did the work best, but he got the least credit. |
|