Gaeilge (Gaoluinn) |
Béarla |
Éist |
Cheannaíos na beithígh sin ar thrí puint fhichead an ceann. |
I bought those cattle for twenty-three pounds each. |
|
An mó peann atá sa bhosca san? |
How many pens are there in that box? |
|
Tá cúig cinn déag ann. |
There are fifteen in it. |
|
Thugas an triú cuid den airgead dom athair. |
I gave the third part of the money
to my father. |
|
An mór a thugais dó?
Trí puint déag agus daichead. |
How much did you give him?
Fifty-three pounds. |
|
Tá trí chéad agus cúig laetheanta agus trí fichid sa bhliain. |
There are three hundred and sixty-five days in the year. |
|
Tá deich lá fichead san Aibreán agus aon lá déag ar fhichid i mí na Bealtaine. |
There are thirty days in April, and thirty-one days in May. |
|
Thánadar Dé Céadaoin, an cúigiú lá déag de Mhárta, agus imeoid siad Déardaoin, an dara lá de Mheitheamh. |
They came on Wednesday, the fifteenth of March, and they will go away on Thursday, the second of June. |
|
Cuirtear an síol san Earrach agus baintear an barra sa bhFómhar. |
The seed is sown in Spring and the crop is cut in Autumn. |
|
Tá cúigear siúinéirí agus triúr saor cloiche ag obair sa tigh sin. |
There are five carpenters and three masons working in that house. |
|
An mó ceoltóir a bhí ag seint sa halla anocht? |
How many musicians were playing in the hall tonight? |
|
Do chonaiceamair trí dhuine dhéag ann, ach do bhí ceathrar eile nár fhéadamair a fheiscint. |
We saw thirteen there, and there were four others whom we could not see. |
|
An mór a thugais don fhear ar an gcapall san? Naoi bpuint déag is trí fichid. |
How much did you give the man for that horse? Seventy nine pounds. |
|
An mó réal atá i bpunt? Daichead. |
How many sixpences are there
in a pound? Forty. |
|
Beidh m’aintin ag teacht
ar an dara lá déag de Lúnasa. |
My aunt will be coming on
the twelfth of August. |
|
Is é an Domhnach so chúinn
an chéad lá de Mheitheamh. |
Next Sunday is the first of June. |
|
A seacht fé cheathair sin a hocht is fiche, dhá scilling agus tuistiún. |
Four sevens are twenty-eight, two shillings and fourpence. |
|
A cúig fichead agus a haondéag sin
sédéag ar fhichid. |
Twenty-five and eleven are thirty-six. |
|
Is í an Aoine an séú lá den tseachtain. |
Friday is the sixth day of the week. |
|
Is é an seachtú lá déag de Mhárta Lá le Pádraig. |
The seventeenth of March is
St. Patrick’s Day. |
|
Chím beirt fhear agus triúr buachaillí ag teacht trasna na páirce. |
I see two men and three boys coming across the field. |
|
Tá cúigear sagart sa pharóiste. |
There are five priests in the parish. |
|
Níl ach deich lá fichead san Aibreán, sa Mheitheamh agus i mí Mheán an Fhómhair. |
There are only thirty days in April,
June and September. |
|
Is é an Satharn an ceathrú lá de mhí na Samhna. |
Saturday is the fourth of November. |
|
An mó iascaire a chonaicís thíos ag an gcé anocht? Mórsheisear. |
How many fishermen did you see down at the quay tonight? Seven. |
|