Gaeilge (Gaoluinn) |
Béarla |
Éist |
Is leis na Brianaigh an dá thigh sin thuas
ar an gcnoc. |
Those two houses up on the hill belong to the O’Briens. |
|
An leo an talamh atá ar aghaidh na dtithe? |
Is the land in front of the houses theirs? |
|
Ní leo, is ar cíos atá sé acu ó fheirmeoir eile. |
No, they have rented it
from another farmer. |
|
Is le Seán Mac Diarmada an capall a bhí
agam inné. |
The horse I had yesterday belongs to John MacDermot. |
|
Is ag Máirtin Ó Briain atá sé inniu, mar níl aon chapall dá chuid féin aige. |
Martin O’Brien has him today, for he has no horse of his own. |
|
Ba ghnáthach leis capall a bheith aige, áfach. |
He used to have a horse, however. |
|
Cé leis an bád seoil sin? |
Who owns that sail-boat? |
|
Is lem dheartháir í, agus níl sí aige ach le bliain. |
It belongs to my brother, and he has had it only a year. |
|
Is dócha go ndíolfaidh sé an bhliain seo chúinn í, má fhaigheann sé duine chun í
a cheannach uaidh. |
He will probably sell it next year, if he finds someone to buy it from him. |
|
An mór an t-airgead a thug sé uirthi? |
How much money did he pay for it? |
|
Thug sé deich bpuint fhichead uirthi agus níorbh fhiú an méid sin í. |
He paid thirty pounds for it, and it was not worth that much. |
|
Ba liom-sa í blianta ó shin,
ach níl aon bhád agam anois. |
It was mine years ago,
but I have no boat now. |
|
Ar dhíoladar as an móin fós? |
Have they paid for the turf yet? |
|
Níor dhíoladar, mar tá sí fliuch agus nílid sásta léi. |
No, because it is wet and they are not satisfied with it. |
|
Chonaiceamair Caitlín Ní Dhuibhir agus Bríd Ní Dhiarmada ag dul isteach i dtigh mhuintir Shúilleabháin ó chianaibh. |
We saw Kathleen O’Dwyer and Brigid MacDermot going into O’Sullivans’ house a while ago. |
|
Cá bhfuil inneall buailte Thomáis Uí Dhonnchadha ag obair? |
Where is Thomas O’Donoghue’s threshing-machine working? |
|
Ní fhaca ó mhaidin é. |
I have not seen it since morning. |
|
Chonac-sa aréir é ar fheirm
Chonchubhair Uí Aodha. |
I saw it last night on Conor Hayes’s farm. |
|
Is linn-ne an pháirc atá ar aghaidh an tí, ach is le feirmeoir eile an talamh atá ar chúl an tí. |
The field in front of the house is ours. but the land behind the house belongs to another farmer. |
|
Ní liom-sa é, is ar cíos atá sé agam uaidh. |
It is not mine, I have rented it from him. |
|
Cé leis na beithígh atá sa pháirc mhóir? |
Whose are the cattle in the big field? |
|
Níl a fhios agam. |
I do not know. |
|
Tá cúpla bullán againn sa bhuaile, ach ní linn-ne na beithígh eile sin. |
We have a few bullocks in the paddock, but those other cattle do not belong to us. |
|
Ar dhíol Séamas Ó Súilleabháin as
an dtigh nua fós? |
Has James O’Sullivan paid for the new house yet? |
|
Do dhíol, ach níor dhíol sé fós as an dtalamh. |
Yes, but he has not yet paid for the land. |
|
An mór an t-airgead atá agat air? |
How much money does he owe you? |
|
Cúig céad punt. |
Five hundred pounds. |
|
Níl an méid sin airgid aige. |
He has not that much money. |
|
Caithfidh sé é fháil ar iasacht. |
He will have to borrow it. |
|
Tá sé le fáil sa bhanc ar a sé sa chéad. |
It is to be got in the bank at six per cent. |
|
Cá bhfuil tigh Dhomhnaill Uí Chonaill? |
Where is Daniel O’Connell’s house? |
|
Tá sé i gContae Chiarraí, siar ó Chill Airne. |
It is in County Kerry,
westwards from Killarney. |
|
Chonaiceadar Seán Mac Carthaigh ag teacht amach as tigh mhuintir Cheallaigh ar maidin. |
They saw John MacCarthy coming out of the Kelly’s house this morning. |
|