Gaeilge (Gaoluinn) |
Béarla |
Éist |
An bhfuil na húlla so níos daoire ná na cinn sin? |
Are these apples dearer than those? |
|
Sin iad na cinn is daoire. |
Those are the dearest. |
|
Is í Máire an cailín is áille ar an mbaile. |
Mary is the prettiest girl in the village. |
|
Cé acu an garsún is cliste? |
Which of them is the cleverest boy? |
|
Is é Peadar an té is cliste acu, ach tá Seosamh beagnach chomh cliste leis. |
Peter is the cleverest of them, but Joseph is almost as clever as he. |
|
Tá crann is aoirde ná é sin sa ghairdín
seo againn-ne. |
There is a higher tree than that
in our garden. |
|
Caithfidh an tiománaí bheith níos cúramaí ar an mbóthar istoíche ná mar a bheadh sé sa lá. |
The driver must be more careful at night than he would be by day. |
|
Bím-se cúramach i gcónaí. |
I am always careful. |
|
Táim ag imeacht go tapaidh anois, ach tá radharc maith agam ar an mbóthar. |
I am going fast now, but I have a good view of the road. |
|
Chuamair isteach sa tigh i gcóir an dinnéir agus d’fhanamair istigh leath-uair an chloig. |
We went into the house to dinner and stayed inside for half an hour. |
|
Thánamair amach ansan agus d’fhanamair
amuigh go tráthnóna. |
We came out then and stayed
outside till evening. |
|
Raghaidh sí i n-airde an staighre chun na seomraí a ghlanadh, agus beidh sí tamall thuas. |
She will go upstairs to clean the rooms, and she will be a while above. |
|
Tiocfaidh sí anuas ansan, agus fanfaidh sí thíos. |
She will come down then
and stay below. |
|
Rith soir go dtí an tobar agus tabhair leat anoir buicéad uisce. |
Run east to the well and bring back a bucket of water. |
|
Nuair a bhíos ag dul siar an bóthar, do bhí an sagart ag teacht aniar im choinnibh. |
When I was going west along the road, the priest was coming towards me. |
|
Tá siúcra níos saoire anois ná mar
a bhí sí anuraidh. |
Sugar is cheaper now than it was
last year. |
|
An bhfuil Tomás níos aoirde ná Máire? |
Is Tom taller than Mary? |
|
Is é Mícheál an té is aoirde acu. |
Michael is the tallest of them. |
|
Déanfaidh Seán an obair go maith, ach is fearr a dhéanfaidh Mícheál é. |
John will do the work well, but Michael will do it better. |
|
Deineann Maighréad a cuid ceachtanna níos cúramaí ná mar a dheineann a deirfiúr iad. |
Margaret does her lessons more carefully than her sister. |
|
An bhfuilir-se chomh leisciúil led’ dheartháir? |
Are you as lazy as your brother? |
|
Ní fhéachann an garsún so chomh láidir lena charaid. |
This boy does not look as strong as
his friend. |
|
Is é Séamas an té is láidre (treise) dhíobh go léir. |
James is the strongest of them all. |
|
D’fhreagraíos chomh maith is d’fhéadas. |
I answered as well as I could. |
|
An bhfuil an scian san níos géire ná an ceann so? |
Is that knife sharper than this one? |
|
Is teo an sáile ná an fíor-uisce. |
Sea-water is warmer than spring-water. |
|
Is giorra an bóthar soir ná an bóthar siar. |
The road eastwards is shorter than the road westwards. |
|
Is trioma an t-ardán ná an t-ísleán. |
The high ground is drier than
the low ground. |
|
Nuair a bhíomair ag dul i n-airde an staighre, do bhí Séamas ag teacht anuas. |
When we were going upstairs, James was coming down. |
|
Is mó Baile Átha Cliath ná Corcaigh.
Tá Baile Átha Cliath níos mó ná Corcaigh. |
Dublin is larger than Cork. |
|
Is lú an domhan ná an ghrian.
Tá an domhan níos lú ná an ghrian. |
The world is smaller than the sun. |
|
Is sia (faide) an tSionainn ná an Bhóinn.
Tá an tSionainn níos sia (faide) ná an Bhóinn. |
The Shannon is longer than the Boyne. |
|
Is crua an t-iarann ná an t-ór.
Tá an t-iarann níos crua ná an t-ór. |
Iron is harder than gold. |
|
Is troime an t-uisce ná an t-aer.
Tá an t-uisce níos troime ná an t-aer. |
Water is heavier than air. |
|
Is treise an tarbh ná an fear.
Tá an tarbh níos treise ná an fear. |
The bull is stronger than the man. |
|
Is cliste an cailín ná an garsún.
Tá an cailín níos cliste ná an garsún. |
The girl is more clever than the boy. |
|
Is doimhne an fharraige ná an loch.
Tá an fharraige níos doimhne ná an loch. |
The sea is deeper than the lake. |
|