Gaeilge (Gaoluinn) |
Béarla |
Éist |
Nuair a chuaigh sé amach ar maidin, do dhein sé dearmhad ar an ndoras a dhúnadh. |
When he went out this morning, he forgot to shut the door. |
|
Níor aithníos an máistir nuair a chonac ag
an stáisiún é. |
I did not recognise the master when I saw him at the station. |
|
Ní fhacaís-se i n-aon chor é. |
You did not see him at all. |
|
Do chuireas ceist chuige agus níor fhéad sé í a fhreagairt. |
I asked him a question and he was not able to answer it. |
|
Cad d’fhiafraís de? |
What did you ask him? |
|
Do bhí ceisteanna agam le cur chuige mar gheall
ar na scoileanna. |
I had questions to put to him
about the schools. |
|
Deir daoine go bhfuil na buíonta ró-mhór, agus nach foláir dúinn tuilleadh múinteoirí a thabhairt isteach chun na hoibre a dhéanamh. |
People say that the classes are too big, and that we shall have to bring in more teachers to do the work. |
|
An mó scoil atá ann? |
How many schools are there? |
|
Tá dhá cheann, ceann i gcóir na mbuachaillí agus ceann i gcóir na gcailíní. |
There are two, one for the boys and one for the girls. |
|
Is deacair múinteoirí d’fháil na laetheanta so. |
It is difficult to find teachers these days. |
|
Tá cairde agam-sa agus ba mhaith leo
bheith ina múinteoirí. |
I have friends who would
like to be teachers. |
|
Iarr orthu scríobh chúm i n-ainm Dé, mar beidh postanna agam dóibh! |
For God’s sake ask them to write to me, for I shall have jobs for them! |
|
Is olc an chomhairle comhairle mhná. |
A woman’s advice is bad advice. |
|
Do bhí ba agus caoirigh le díol againn an tseachtain seo ghaibh tharainn, agus bhí leisce ar mo mhnaoi iad a scaoileadh uaithi gan praghas maith d’fháil. |
We had cows and sheep to sell last week, and my wife was not willing to let them go without getting a good price. |
|
Cloiseann na mná an iomad scéalta agus
an iomad tuairimí. |
Women hear too many stories and
too many opinions. |
|
Tá coillte breátha ar na sléibhte. |
There are fine forests on the mountains. |
|
Do thit cuid desna crainn le linn na stoirme. |
Some of the trees fell during the storm. |
|
Tá na préamhacha aníos as an dtalamh agus craobhacha briste ar chrainn mórthimpeall orthu. |
The roots are up out of the ground,
and branches broken on trees
all around them. |
|
Chonaiceamair iad agus sinn ag teacht
ón mbaile mór. |
We saw them as we were coming from the town. |
|
Bíonn báid iascaigh ag teacht isteach i gcuantaibh iarthair Chorcaí le maircréil sa tsamhradh agus le scadáin sa bhfómhar. |
Fishing-boats come into the harbours of West Cork with mackerel in summer and with herrings in autumn. |
|
Bíonn na seolta crochta orthu chun dul amach arís tar éis lae a chaitheamh i gCuan Dor nó i nDún na Séad, agus na líonta i dtreo. |
Their sails are set to go out again after spending a day in Glandore or Baltimore, and the nets ready. |
|
Chuamair amach ó Chuan Dor inné i mbád iascaigh. |
We went out in a fishing boat from Glandore yesterday. |
|
Bhí trí seolta uirthi agus do bhí cóir againn. |
There were three sails on her, and we had a fair wind. |
|
Bhí sí taobh theas d’Oileán Cléire fé cheann
dhá uair an chloig. |
She was south of Cape Clear Island within two hours. |
|
Chuir na hiascairí amach na líonta, agus d’itheamair an suipéar ansan. |
The fishermen put out the nets, and then we ate supper. |
|
Do chodlaíomair go léir go maidin, agus le héiri gréine do thairicíodar isteach na líonta. |
We all slept until morning, and at sunrise they drew in the nets. |
|
Do bhí sé bhairille de scadánaibh againn
le tabhairt abhaile. |
We had six barrels of herring
to bring home. |
|
Tá trí scoil sa pharóiste seo agus tá séeacute; rang
i ngach scoil acu. |
There are three schools in this parish and six classes in each school. |
|
Cé hiad na múinteoirí atá sa scoil nua? |
Who are the teachers in
the new school? |
|
Is é Mícheál Ó Súilleabháin an t-ard-mháistir, agus tá Séamas O Séaghdha mar chúntóir aige. |
Michael O’Sullivan is the head-master, and he has James O’Shea
as assistant. |
|
Ar thugais fé ndeara na crainn mhóra le hais an bhóthair agus tú ag teacht ón Aifreann? |
Did you notice the big trees beside the road as you came from Mass? |
|
Do thit dhá cheann acu aréir, agus tá craobhacha briste ar na cinn eile. |
Two of them fell last night and there are branches broken on the others. |
|
Beidh abhar tine againn i gcóir an gheimhridh gan aon ghual a cheannach. |
We shall have fuel for the winter without buying any coal. |
|
Tá scéalta ag gach aon duine i dtaobh na stoirme. |
Everyone has stories about the storm. |
|
Tá baid gan seolta ins na cuantaibh. |
There are boats without sails
in the harbours. |
|
Gheobhaimíd cúnamh ós na comharsain chun na gcaorach a thabhairt isteach. |
We shall get help from the neighbours to bring in the sheep. |
|
Bhí na ba istigh sarar éirigh an ghaoth. |
The cows were in before
the wind rose. |
|
Ca bhfuil cró na mbó? |
Where is the cow byre? |
|
Tá sé ar an dtaobh thall de chruaich na móna. |
It is beyond the turf-rick. |
|