Gaeilge (Gaoluinn) |
Béarla |
Éist |
Tháinig sé chúinn. |
He came to us. |
|
Chuamair chuige. |
We went to him. |
|
Cuirfead cóta mór ar an bhféar fút. |
I shall put a topcoat under you on the grass. |
|
Ar imigh sí uaibh? |
Did she go away from you? |
|
Bainfid díobh na bróga fliucha nuair a thiocfaid isteach. |
They will take off their wet shoes when they come in. |
|
Fan amach uathu anois! |
Keep away from them now! |
|
Tá tuirse uirthi tar éis na hoibre. Cad tá inti ach leanbh! |
She is tired after the work. She is only a child! |
|
Do chonac romham amach ar an mbóthar é. |
I saw him ahead of me on the road. |
|
Bhain sé gáire asam. |
He made me laugh. |
|
Bainfimíd áis as an adhmad san i gcóir tine. |
We shall use that wood for firing. |
|
Do chuaigh sé tharainn ach ní fhaca sé sinn. |
He went past us but he did not see us. |
|
Cuirfimíd braon bainne sa chupán agus cuirfimíd uisce tríd. |
We shall put a drop of milk in the cup and we shall add water to it. |
|
Ní bheidh deoch ann i gcóir gach aon duine. |
There will not be a drink for every one. |
|
Tá na fir ag sábháil fhéir ó mhaidin agus tá tart agus ocras anois orthu. |
The men have been saving hay since morning, and they are thirsty and hungry now. |
|
Tabhair an bhláthach san le n-ól dóibh agus bainfidh sé an tart díobh. |
Give them that butter milk to drink and it will take their thirst away. |
|
Sin é talamh na comharsan. |
That is our neighbour's land. |
|
Do chuaigh an gabha isteach sa cheártain. |
The blacksmith went into the forge. |
|
Tá cos bhriste sa chathaoir sin, caithfead ceann nua a chur inti. |
There is a broken leg on that chair: I shall have to put a new one on it. |
|
An bhfuil na cathaoireacha go léir anso? Táid. |
Are all the chairs here? Yes. |
|
Ní fhaca mo dheartháracha fós inniu. |
I have not seen my brothers yet today. |
|
An bhfacaís i n-aon áit iad? |
Have you seen them anywhere? |
|
Abair leo gur chuas ag comhaireamh na gcaorach. |
Tell them that I went to count the sheep. |
|
Déarfad. |
I will. |
|
Is mór an cúnamh comhairle charad. |
A friend's advice is a great help. |
|
Tá na cairde imithe agus tá tithe na gcomharsan uaigneach. |
The friends are gone away and the neighbours' houses are lonely. |
|
Chím na cnoic mhóra ach ní fheicim aon tithe orthu. |
I see the big hills but I do not see any houses on them. |
|
Do chínn t'athair go minic nuair a thagadh sé anso. |
I used to see your father often when he used to come here. |
|
Chífir arís i mbliana é, mar tiocfaidh sé i ndeireadh an mhí. |
You will see him again this year, for he is coming at the end of the month. |
|
An bhfeicfead do mháthair leis, nó an bhfanfaidh sise sa bhaile? |
Shall I see your mother too, or will she stay at home? |
|
Déarfad léi teacht más féidir léi i n-aon chor é. |
I shall tell her to come if she possibly can. |
|
Raghad chútha. |
I shall go to them. |
|
Bhaineadar díobh a gcasóga. |
They took off their coats. |
|
Bainfead gáire asat. |
I shall get a laugh out of you. |
|
D'imigh sí uathu. |
She went away from them. |
|
An bhfuil aon obair le déanamh acu? |
Have they any work to do? |
|
Tá an suipéar ite againn cheana féin. |
We have eaten supper already. |
|
Chuir si plaincéad fúinn. |
She put a blanket under us. |
|
Cad tá oraibh? |
What's wrong with you all? |
|
Bhíos ann roimpi. |
I was there before her. |
|
Raghaidh mo chairde abhaile amáireach. |
My friends will go home tomorrow. |
|
Tá an gabha sa cheártain. |
The blacksmith is in the forge. |
|
Tá na caoirigh ag ínníor sa phairc i n-aice an tí. |
The sheep are grazing in the field beside the house. |
|
Do théimís go tigh comharsan gach tráthnóna. |
We used to go to a neighbour's house every evening. |
|
Tiocfaidh na comharsain go dtí ár dtigh-ne amáireach. |
The neighbours will come to our house tomorrow. |
|
Chífead Mícheál ar maidin, agus neosaidh sé dhóibh é. |
I shall see Michael in the morning, and he will tell them it. |
|
An bhfuil cathaoireacha againn i gcóir gach aon duine? |
Have we chairs for everyone? |
|
Tá drom na cathaoireach san briste. |
The back of that chair is broken. |
|
Ní fheicim na cathaoireacha eile. |
I do not see the other chairs. |
|
An bhfacaís i n-aon áit iad? |
Have you seen them anywhere? |
|
Ní fhaca. |
No, did not see. |
|
Ar tháinig bean do charad fós? |
Has your friend's wife come yet? |
|
Do tháinig. Tá sí ina seasamh amuigh i n-aice an dorais. |
Yes. She is standing outside near the door. |
|
An ndéarfad lei teacht isteach? |
Shall I tell her to come in? |
|
Abair. |
Do tell. |
|
Do chínn go minic í sarar phós sí, nuair a bhíomair ag foghlaim na teangan. |
I used to see her often before she married, when we were learning the language. |
|