Gaeilge (Gaoluinn) |
Béarla |
Éist |
Tóg díom an mála so agus cuir i n-airde ar an lochta é. |
Take this sack from me and put it up on the loft. |
|
Tá uaigneas orthu ó imigh Máire uathu. |
They are lonely since Mary left them. |
|
D'fhiafraigh an garda dhínn cad a bhí uainn. |
The policeman asked us what we wanted. |
|
Fanfad leat más maith leat. |
I shall wait for you if you like. |
|
Do thaispeáin Seán dom an rothar nua atá aige. |
John showed me the new bicycle he has. |
|
Do chuamair go Cill Airne inné agus níor thánamair abhaile go dti maidin inniu. |
We went to Killarney yesterday, and we did not come home till this morning. |
|
Fiafród de cad tá sé a dhéanamh. |
I shall ask him what he is doing. |
|
Rógaire mór is ea Máirtín. |
Martin is a great rogue. |
|
Níl ann ach cleasaí, agus tá an iomad measa aige air féin. |
He is only a trickster, and he thinks too much of himself. |
|
Neosad scéal duit mar gheall air. |
I will tell you something about him. |
|
D'iarr sé orainn teacht anso inniu, ach níor fhan sé linn. |
He asked us to come here today, but he did not wait for us. |
|
Do chuaigh sé amach ag iascaireacht go moch ar maidin agus níor tháinig sé thar n-ais fós. |
He went out fishing early in the morning and he has not come back yet. |
|
Tá na bláthanna san feochta. |
Those flowers are withered. |
|
Cuirfead isteach sa tine iad. |
I shall put them in the fire. |
|
An dtaitneann boladh na móna leat? |
Do you like the smell of turf? |
|
Taitneann, ach is fearr an t-adhmad mar abhar tine. |
Yes, but wood is better as fuel. |
|
Bhíodar i ndeireadh an anama tar éis an ráis agus chuadar sa leabaidh. |
They were exhausted after the race, and they went to bed. |
|
Tiocfaidh sí abhaile i ndeireadh na bliana. |
She will come home at the end of the year. |
|
Do léim sé an claí agus thit sé ar shlait a dhroma. |
He jumped the fence and fell on the flat of his back. |
|
An raibh tinneas air? |
Was he hurt? |
|
Ní raibh aon phian mór air, ach bhí náire air. |
He was not in much pain, but
he was ashamed. |
|
Tabhair dhom rothar an bhuachalla agus raghad go dtí an Daingean. |
Give me the boy's bicycle and
I will go to Dingle. |
|
Tá na cnámha ag na gadhair. |
The dogs have the bones. |
|
Bíonn gréasaithe agus táilliúirí go maith chun scéalaíochta. |
Cobblers and tailors are good
at telling stories. |
|
Tháinig Diarmaid isteach ar maidin inniu. |
Diarmaid came in this morning. |
|
D'fhiafraíos de cad a bhí uaidh, ach níor inis sé dhom. |
I asked him what he wanted, but he did not tell me. |
|
Chuaigh sé go Magh Chromtha tar éis dinnéir agus ní fhillfidh sé go dtí amáireach. |
He went to Macroom after dinner and he will not come back till tomorrow. |
|
Níl a fhios agam cad tá s&eaeacute; a dhéanamh ann. |
I do not know what he is doing there. |
|
Chuaigh na buachaillí amach ag iascaireacht agus tháinig an bháisteach orthu. |
The boys went out fishing, and the rain came on them. |
|
Nuair a thánadar abhaile bhaineadar díobh na héadaí fliucha agus chuadar sa leabaidh. |
When they came home, they took off of them, the wet clothes, and went to bed. |
|
Ní raibh Séamas i n-éineacht leo, mar bhí sé
ag baint fhéir. |
James was not with them, for he was cutting hay. |
|
Beidh an féar go maith acu i mbliana. |
They will have good hay this year. |
|
Neosaidh sé deireadh an scéil duit nuair a raghair go dtí an tigh. |
He will tell you the end of the story when you go to the house. |
|
D'iarramair orthu dul go dtí an Daingean leis an im. |
We asked them to go to Dingle
with the butter. |
|
Níor fhéadadar é do dhíol anso sa tsráidbhaile. |
They were not able to sell it here
in the village. |
|
Is deacair airgead do dhéanamh na laetheanta so. |
It is hard to make money these days. |
|
Do cheannaíomair ualach móna ó fhear an bháid. |
We bought a load of turf from the boatman. |
|
Taitneann boladh na móna liom. |
I like the smell of the turf. |
|
Is maith í an mhóin mar abhar tine. |
Turf is good as fuel. |
|
Is fearr linn-ne an t-adhmad. |
We prefer the wood. |
|
Cad a chosnaíonn punt caoireola? |
What does a pound of mutton cost? |
|
Tá sí ana-dhaor anois, tá sí chomh daor le mairteoil. |
It is very dear now; it is as dear as beef. |
|
Mac feirmeora is ea an buachaill sin agus is mian leis bheith ina mhúinteoir. |
That boy is a farmer's son, and he wishes to be a teacher. |
|
Tá sé go maith chun foghlama. |
He is good at learning. |
|
Raghaidh na saighdiúirí go Cill Dara Domhnach Cásca agus tiocfaid siad thar n-ais
i ndeireadh na bliana. |
The soldiers will go to Kildare on Easter Sunday, and they will come back at the end of the year. |
|
Tá mórán dathanna ar an gcrios atá sí a dhéanamh. |
The belt she is making has many colours. |
|
An é sin tigh an tsiúinéara thall ansan
i n-aice an tséipéil? |
Is that the carpenter's house over there near the chapel? |
|
Ní hé, sin é tigh an dochtúra óig. |
No, that is the young doctor's house. |
|
Do bhíos ag caint le mac an táilliúra agus deir sé go mbeidh a athair ag fanúint i gCill Airne do dtí deireadh na seachtaine. |
I was talking to the tailor's son, and he says his father will be staying in Killarney till the end of the week. |
|
Raghaimíd go tigh Thomáis i gcóir suipéir agus tiocfaimíd thar n-ais roimh thitim na hoíche, agus tiocfaidh Tomás i n-éineacht linn. |
We shall go to Tom's house for supper, and come back before the fall of night, and Tom will come along with us. |
|