Gaeilge (Gaoluinn) |
Béarla |
Éist |
Aon chapall amháin. |
One horse. |
|
Dhá shúil. |
Two eyes. |
|
Trí bliana. |
Three years. |
|
Cheithre puint. |
Four pounds. |
|
Cúig leabhair. |
Five books. |
|
Sé tithe. |
Six houses. |
|
Seacht mba. |
Seven cows. |
|
Ocht gcapaill. |
Eight horses. |
|
Naoi mbáid. |
Nine boats. |
|
Deich ngadhair. |
Ten dogs. |
|
Seacht scillinge agus deich bpingine. |
Seven shillings and tenpence. |
|
Do bhí sé bocht, ach tá sé ina fhear shaibhir anois. |
He was poor, but he is a rich man now. |
|
Is dócha go bhfuil na mílte punt aige. |
He probably has thousands of pounds. |
|
Beidh sé ina dhochtúir fé cheann bliana. |
He will be a doctor in a year's time. |
|
Bhí sí ina cailín mhaith inniu, ach ní bhíonn sí mar sin i gcónaí. |
She was a good girl today, but she is not always like that. |
|
Bhíomair inár suí ar an gclaí nuair a thit an crann. |
We were sitting on the fence when the tree fell. |
|
Crann mór ard dob ea é. |
It was a big tall tree. |
|
Beidh sé ina abhar tine againn. |
We shall have it as fuel. |
|
Is maith an t-abhar tine é an t-adhmad. |
Wood is good fuel. |
|
Nuair a bhíomair inár bpáistí, do bhíomair inár gcónaí ar an dtuaith. |
When we were children we lived in the country. |
|
Tá Séamas ina atúrnae, agus tá Tomás ina dhochtúir. |
James is a solicitor and Thomas is a doctor. |
|
Dochtúir ana-mhaith is ea é. |
He is a very good doctor. |
|
Aon chat amháin agus dhá ghadhar. |
One cat and two dogs. |
|
Trí maidí agus cheithre liathróidí. |
Three sticks and four balls. |
|
Cúig puint, sé scillinge agus seacht bpingine. |
Five pounds, six shillings and sevenpence. |
|
Ocht ngadhair, naoi gcapaill agus deich mba. |
Eight dogs, nine horses and ten cows. |
|
Bhí Tomás deich mbliana ina atúrnae ach tá sé ina ghiúistís anois. |
Tom was ten years a solicitor, but he is a justice now. |
|
Tá sé ina fhear shaibhir. |
He is a rich man. |
|
Is dócha go bhfuil dhá mhíle punt sa bhliain aige. |
He probably has two thousand pounds a year. |
|
Beidh a mhac ina fheirmeoir, mar tá talamh acu i gcontae na Midhe. |
His son will be a farmer, for they have land in County Meath. |
|
Nuair a bhíodar ina ngarsúnaibh do bhíodar ina gcónaí ar an dtuaith. |
When they were boys, they lived in the country. |
|
Théadh Mícheál ar scoil sa Daingean nuair a bhí sé ina gharsún bheag. |
Michael was at school in Dingle when he was a little boy. |
|
Nuair a bhíos im pháiste do bhíos im chónaí sa chathair. |
When I was a child, I lived in the city. |
|
Do thémís go dtí an tráigh gach Domhnach. |
We used to go to the beach every Sunday. |
|
Tá an máistir ina mhúinteoir mhaith. |
The master is a good teacher. |
|
Beidh na garsúin ina scoláirí maithe. |
The boys will be good scholars. |
|
Bhí an lá inné ina lá ana-fhliuch. |
Yesterday was a very wet day. |
|
Bhí sé fuar ar maidin, ach tá sé go breá brothallach anois. |
It was cold this morning, but it is fine and warm now. |
|