Gaeilge (Gaoluinn) |
Béarla |
Éist |
Do rithimís. |
We used to run. |
|
Ólfad. |
I shall drink. |
|
Scríobhfaid siad. |
They will write. |
|
D'fhanadh sé. |
He used to stay. |
|
Díolfaimíd. |
We shall sell. |
|
D'fhéachadh sibh. |
You used to look. |
|
Cuirfead amach iad. |
I will put them out. |
|
D'fhágaidís na páistí sa bhaile. |
They used to leave the children at home. |
|
Bhí an fear mór ag caint le garsún beag. |
The big man was talking to a small boy. |
|
Cathain a chuirfid siad amach na capaill óga? |
When will they put out the young horses? |
|
Tá na leabhair mhóra san ana-throm. |
Those big books are very heavy. |
|
Fanfaimíd i gCorcaigh anocht. |
We shall stay in Cork tonight. |
|
Do bhíodh Seán ina chónaí i mBaile Átha Cliath, ach ní hann atá sé anois. |
John used to live in Dublin but he is not there now. |
|
Díolfad an bhó dhubh amáireach. |
I will sell the black cow tomorrow. |
|
Tá na clocha troma ar thaobh an bhóthair. |
The heavy stones are on the road-side. |
|
Bhí Mícheál ina shuí ar an stól nuair a thánag isteach. |
Michael was sitting on the stool when I came in. |
|
Bhí sé ina thost agus do bhíos-sa ag caint. |
He was silent and I was talking. |
|
Tá sé ina sheasamh ag an ndoras anois. |
He is standing at the door now. |
|
D'fhágadh sé bainne na bó deirge sa bhuicéad bhán. |
He used to leave the red cow's milk in the white pail. |
|
Do bhídís ann gach maidin agus do ghlanaidís an tigh. |
They used to be there every morning, and they used to clean the house. |
|
Scaoilfimíd amach na ba um thráthnóna. |
We shall let out the cows in the evening. |
|
Buainfid siad an coirce nuair a bheidh sé aibidh. |
They will reap the oats when it is ripe. |
|
Nuair a bheidh sé tairicthe isteach, buailfid siad é le súistíbh. |
When it has been drawn in, they will thresh it with flails. |
|
Cáithfid siad ansan é, agus cuirfid siad an gráinne isteach i málaíbh. |
They will then winnow it and put the grain into sacks. |
|
Féachann an gairdín go hálainn. |
The garden looks lovely. |
|
Bíonn sé go deas sa tSamhradh. |
It is nice in summer. |
|
Ní deas a bhí sé nuair a thánag anso, ach ní rabhamair i bhfad ag cur slacht air. |
It was not nice when I came here, but we were not long making it tidy. |
|
Rithfead. |
I shall run. |
|
Ólfaid siad. |
They will drink. |
|
Do scríobhthá. |
You used to write. |
|
Fanfaid siad. |
They will stay. |
|
Do dhíolaidís. |
They used to sell. |
|
Féachfaidh sé. |
He will look. |
|
Buailfimíd iad. |
We shall strike them. |
|
Cuirfid siad amach é. |
They will put him out. |
|
Do léimís na leabhair sin. |
We used to read those books. |
|
Fágfaid siad an t-airgead sa bhosca. |
They will leave the money in the box. |
|
Díolfaidh m'athair an tigh mór. |
My father will sell the big house. |
|
Níl sé ina chónaí ann anois. |
He is not living there now. |
|
Do bhuaileadh na fir an coirce le súistíbh agus chuiridís an gráinne isteach i málaíbh. |
The men used to thresh the oats with flails and put the grain into sacks. |
|
Do bhí an cailín beag ina seasamh sa pháirc nuair a chonac í. |
The little girl was standing in the field when I saw her. |
|
Thánag isteach nuair a bhís-se ag dul amach. |
I came in when you were going out. |
|
Scaoilfidh na garsúin bheaga na gadhair amach. |
The little boys will let out the dogs. |
|
An rabhais id dhúiseacht nuair a bhíodar ag teacht isteach? |
were you awake when they were coming in? |
|
Díolfaidh Máire an t-im sa tsráidbhaile. |
Mary will sell the butter in the village. |
|
Is go Tráigh Lí a chuireadh sí é fadó. |
She used to send it to Tralee long ago. |
|
Cathain a ghlanfaidh Mícheál an gairdín? |
When will Michael clean the garden? |
|
Bhí mo dheartháir ina chodladh nuair a thánag isteach. |
My brother was asleep when I came in. |
|
Fágfad an eochair fén gcloich mhóir. |
I shall leave the key under the big stone. |
|
Bhíomair-ne inár seasamh ag an bhfuinneoig agus bhíodar san ina suí ar an urlár. |
We were standing at the window and they were sitting on the floor. |
|
Do bhíos-sa ag caint ach d'fhan sise ina tost. |
I was talking, but she remained silent. |
|
Do labhradh sé go tapaidh ach do labhradh sé go maith. |
He used to speak quickly but he used to speak well. |
|
Do bhíodh na beithígh bhochta i gcónaí amuigh fén mbáistigh istoíche. |
The poor cattle used to be always out under the rain at night. |
|
Do bhí an lá inné go breá. |
Yesterday was fine. |
|
Do bhí an ghaoth ag séideadh go láidir, ach ní raibh an aimsir go holc. |
The wind was blowing strongly, but the weather was not bad. |
|