Gaeilge (Gaoluinn) |
Béarla |
Éist |
Is leabhar é sin. |
That is a book. |
|
Is speal í seo. |
This is a scythe. |
|
Is bád í siúd. |
That is a boat. |
|
An í sin do chasóg? |
Is that your coat? |
|
Ní hí, is í casóg Sheáin í. |
No, it is John's coat. |
|
An é seo do chuid airgid-se? Is é. |
Is this your money? Yes. |
|
Leabhar Gaeilge is ea é seo. |
This is an Irish book. |
|
Is mise an múinteoir agus is sibh-se na scoláirí. |
I am the teacher and you are the pupils. |
|
An iad san na Meiriceánaigh? Ní hiad. |
Are those the Americans? No. |
|
Is iad na Sasanaigh iad. |
They are the Englishmen. |
|
Sin é an captaen. |
That is the captain. |
|
An é an fear mór ard an captaen? |
Is the big tall man the captain? |
|
Ní hé, ach an fear beag lena ais. |
No, but the small man beside him. |
|
Is í seo mo mháthair ag teacht isteach anois, agus sin í Máire ina teannta. |
This is my mother coming in now, and that is Mary with her. |
|
Tá Seán láidir ach nil sé chomh láidir le Séamas. |
John is strong, but, he is not as strong as James. |
|
An é Séamas an dochtúir? |
Is James the doctor? |
|
Is é, agus dochtúir maith is ea é. |
Yes, and he is a good doctor. |
|
Cá bhfuil Seán? |
Where is John? |
|
Tá sé amuigh sa ghairdín ag obair. |
He is out in the garden working. |
|
Is éachtach an fear é chun oibre. |
He is a wonderful man for work. |
|
Do bhí sé breoite, ach tá sé slán folláin anois. |
He was sick but he is hale and hearty now. |
|
Cé acu eorna nó coirce é sin? |
Which is that, barley or oats? |
|
Cruithneacht is ea í sin agus coirce is ea é seo, ach níl aon eorna sa ghort. |
That is wheat and this is oats, but there is no barley in the field. |
|
Ba mhór an trua ná rabhamair ann i n-am. |
It was a great pity that we were not there in time. |
|
Tigh ana-mhór is ea é. |
It is a very big house. |
|
Is bord é sin agus is cathaoir í seo. |
That is a table and this is a chair. |
|
Cé acu bád nó long í sin? |
Is that a boat or a ship? |
|
Bád seoil is ea í. |
It is a sail-boat. |
|
Sin iad mo bhróga-sa. |
Those are my shoes. |
|
Múinteoir is ea é. |
He is a teacher. |
|
An é seo do chuid móna-sa? |
Is this your turf? |
|
Ní hé, tá mo chuid-se sa phortach fós. |
No, my share is still in the bog. |
|
Cé acu cruithneacht nó eorna é sin? |
Is that wheat or barley? |
|
Ní cruithneacht ná eorna é, ach coirce. |
It is neither wheat nor barley but oats. |
|
Scian ghlan is ea í seo. |
This is a clean knife. |
|
An Sasanaigh iad san? |
Are those Englishmen? |
|
'Sea, is iad na hiascairí iad atá sa tigh ósta. |
Yes, they are the fishermen who are in the hotel. |
|
Is iad na Gearmánaigh iad so. |
These are the Germans. |
|
Is iad na fir mhóra na Meiriceánaigh. |
The tall men are the Americans. |
|
Is éachtach na fir iad na Gearmánaigh chun oibre. |
The Germans are wonderful men for work. |
|
Cá bhfuil Síle? |
Where is Sheila? |
|
Tá sí istigh sa tigh ag ní na mias. |
She is inside the house washing the dishes. |
|
Beidh sí ullamh go luath. |
She will soon be ready. |
|
Garsún mór is ea Séamas, ach níl sé chomh hard le Síle. |
James is a big boy, but he is not as tall as Sheila. |
|
Is mór an trua go bhfuil sí chomh hard. |
It is a great pity that she is so tall. |
|
Múinteoir is ea Seán agus is é Séamas an dochtúir. |
John is a teacher and James is the doctor. |
|
An múinteoir maith é Seán? 'Sea. |
Is John a good teacher? Yes. |
|
Nach é an fear ard úd san thall captaen an bháid? |
Is not that tall man yonder the captain of the boat? |
|
Ní hé, is é an fear beag dubh lena ais an captaen. |
No, the captain is the dark haired little man beside him. |
|
An cluiche maith é seo? Ní hea. |
Is this a good game? No. |
|