Gaeilge (Gaoluinn) |
Béarla |
Éist |
Táimíd ag ól uisce. |
We are drinking water. |
|
Bhíomair ag caint leis an ngarda. |
We were talking to the police man. |
|
An raibh Seán anso ar maidin? |
Was John here this morning? |
|
Do bhí, agus bhí sé ag féachaint ar an gcapall óg. |
Yes, and he was looking at the young horse. |
|
An rabhais ag caint leis? Bhíos. |
Were you talking to him? Yes. |
|
Beidh sé ag teacht arís amáireach. |
He will be coming again tomorrow. |
|
Tá na fir ag briseadh chloch ar an mbóthar. |
The men are breaking stones on the road. |
|
Cá bhfuil na garsúin eile? |
Where are the other boys? |
|
An bhfuilid ag piocadh na bprátaí? |
Are they picking the potatoes? |
|
Táid tuirseach anois, agus níl na prátaí go léir pioctha fós. |
They are tired now, and the potatoes are not all picked yet. |
|
Beid siad ag dul abhaile amáireach, agus ní bheid ag teacht a thuilleadh. |
They will be going home tomorrow, and they will not be coming any more. |
|
Bhíodar ag glanadh na bhfuinneog. |
They were cleaning the windows. |
|
Bhíomair ag obair ar na bóithre. |
We were working on the roads. |
|
An mbeir ag teacht anso arís amáireach? |
Will you be coming again tomorrow? |
|
An bhfuilir ag dul abhaile anois? |
Are you going home now? |
|
Tá an sagart ag rá an Aifrinn anois. |
The priest is saying the Mass now. |
|
Tá Maighréad agus Eibhlín ag féachaint ar na fearaibh ag buaint an choirce. |
Margaret and Eileen are watching the men reaping the oats. |
|
An mbeid siad ag bearradh na gcapall? |
Will they be clipping the horses? |
|
Ní bheid, tá sé fuar fós. |
No, it is cold still. |
|
An rabhdar ag briseadh na gcloch? |
Were they breaking the stones? |
|
Ní rabhdar, bhíodar ag tarrac isteach an fhéir. |
No, they were drawing in the hay. |
|
Tá sí ag scuabadh an urláir. |
She is sweeping the floor. |
|
Táimíd tuirseach, ach nílmíd sásta fós. |
We are tired, but we are not satisfied yet. |
|